Baineann an ráiteas príobháideachais seo le suíomhanna idirlín, seirbhíse agus táirgí de chuid Microsoft a bhailíonn sonraí agus a thaispeánann na coinníollacha seo, maille le a seirbhísí tacaíochta do tháirgí atá as líne. Ní bhaineann sé le suíomhanna, seirbhísí agus táirgí Microsoft nach taispeánann ná nach soláthraíonn nasc chuig an ráiteas seo nó a bhfuil a ráitis phríobháideachais féin acu.
Léigh na hachoimrí thíos agus brúigh ar “Cuir Tuilleadh Eolais Air” chun tuilleadh sonraí faoi ábhair faoi leith a léamh. Tig leat do rogha a bhaint as na táirgí thuas chun breathnú ar ráiteas príobháideachais an táirge sin. B'fhéidir nach bhfuil cuid de na táirgí, seirbhísí nó gnéithe luaite sa ráiteas seo ar fáil i ngach margadh. Tá tuilleadh eolais faoi ghealltanas Mhicrosoft chun do phríobháideachas a chosaint le fáil ag http://www.microsoft.com/privacy.
Baineann formhór de shuíomhanna Microsoft feidhm as "fianáin", arbh comhaid téacs bheaga iad arbh fhéidir le freastalaí gréasáin iad a léamh sa bhfearann a chuir an fianán ar do dhiosca crua. D'fhéadfaimis feidhm a bhaint as fianáin chun do shainroghanna agus do shocruithe a chuir i dtaisce; cuidiú leat síniú isteach; fógraí dírithe ortsa a sholáthair; agus oibríochtaí suíomh a mhiondealú.
D'fhéadaimis feidhm a bhaint freisin as rabhcháin ghréasáin chun cabhrú fianán a sheachadadh agus anailísíocht a dhíolaim. D'fhéadfadh rabhcháin ghréasáin ó dhreamanna eile a bheith san áireamh, a bhfuil cosc orthu d'fhaisnéis phearsanta a bhailiú.
Tá riar maith d'uirlisí agat chun smacht a fháil ar fhianáin agus nithe comhchosúla, iná n-áirítear:
An Fheidhm A Bhainimid as Fianáin
Baineann formhór de shuíomhanna idirlín Microsoft feidhm as "fianáin", arbh comhaid téacs bheaga iad curtha ar do dhiosca crua ag freastalaí gréasáin. Tá téacs i bhfianáin arbh fhéidir le freastalaí gréasáin a léamh sa bhfearann a thug an fianán duit. Go hiondúil, bíonn sraith d'uimhreacha agus litreacha sa téacs a aithníonn do ríomhaire go huathúil, ach d'fhéadfadh eolas eile a bheith ann freisin. Seo sampla den téacs atá i dtaisce i bhfianán a d'fhéadfadh Microsoft a chur ar do dhiosca crua nuair a thugann tú cuairt ar cheann dár suíomhanna idirlín: E3732CA7E319442F97EA48A170C99801
D’fhéadfaimis fianáin a úsáid chun:
Sonraítear sa chairt a leanas cuid de na fianáin a bhainimid feidhm astu go minic. Níl an liosta seo uileghabhálach, ach tá sé mar sprioc aige cuid de na fáthanna a shuiteálaimid fianáin a mhíniú. Má thugann tú cuairt ar cheann dár suíomhanna idirlín, b'fhéidir go suiteálfaidh an suíomh cuid nó gach ceann de na fianáin seo a leanas:
Mar aon leis na fianáin a shuiteáileann Microsoft nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomhanna idirlín, d'fhéadfadh dreamanna eile fianáin áirithe a shuiteáil ar do dhiosca crua nuair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna Microsoft. I ndálaí áirithe, tarlaíonn sé toisc go bhfuil dream eile fruilithe againn chun seirbhísí áirithe a sholáthair thar ár gceann, ar nós anailísíocht suímh. I ndálaí eile, is dá bharr go bhfuil ábhar nó fhógraí ar ár leathanaigh ghréasáin ó dhreamanna eile, ar nós físeáin, nuacht nó fógraí a chuir líonra fógraíochta eile ar fáil. Mar gheall go nascann do líonléitheoir le freastalaithe ghréasáin na dreamanna eile sin chun an t-ábhar sin a fháil, tá na dreamanna eile sin in ann fianáin féin a shuiteáil nó a léamh ar do dhiosca crua.
Conas Fianáin a Rialú
Mar shampla, in Internet Explorer 9, tig leat fianáin a scriosadh trí na céimeanna a leanas a leanúint:
Tá treoracha ar fáil maidir le bac a chur ar fhianáin i líonléitheoirí eile ag http://www.allaboutcookies.org/manage-cookies/.
Tabhair faoi deara má roghnaíonn tú bac a chur ar fhianáin, b'fhéidir nach mbeidh tú in ann síniú isteach nó feidhm a bhaint as gnéithe idirghníomhacha eile de shuíomhanna agus sheirbhísí Microsoft a bhraitheann ar fhianáin, agus b'fhéidir nach dtabharfar aird ar chuid do do shainroghanna fógraíochta a bhraitheann ar fhianáin.
Mar shample, in Internet Explorer 9, tig leat fianáin a scriosadh trí na céimeanna a leanas a leanúint:
Tá treoracha ar fáil maidir le fianáin i líonléitheoirí eile a scriosadh ag http://www.allaboutcookies.org/manage-cookies/.
Tabhair faoi deara má roghnaíonn tú fianáin a scriosadh, scriosfar pé socruithe agus sainroghanna atá rialaithe ag na fianáin sin, sainroghanna fógraíochta san áireamh agus b'fhéidir go mbeidh ort iad a athchruthú.
Rialtáin Líonléitheoirí do "Ná Lorg" agus Cosaint Ó Lorg. Tá gnéithe "Ná Lorg" mar chuid de roinnt de na líonléitheoirí níos nua. Nuair a chastar ar siúl formhór de na gnéithe seo, seolann siad comhartha nó sainrogha chuig na suíomhanna idirlín a thugann tú cuairt orthu ag cur in iúl nach mian leat go lorgófar thú. Ag brath ar chleachtais phríobháideachais an tsuímh, d'fhéadfadh na suíomhanna sin (nó an t-inneachar tríú páirtí ar na suíomhanna sin) leanúint ag déanamh gníomhartha a bhraithfeá gur lorg atá ar siúl acu cé go bhfuil an tsainrogha seo curtha in iúl agat.
Tá gné ag Internet Explorer 9 agus 10 darbh ainm Coisaint Ó Lorgaireacht a chabhraíonn le bac a chur ar shuíomhanna idirlín a thugann tú cuairt orthu sonraí faoi do chuairt a sheoladh go huathoibríoch chuig soláthraithe ábhair ó dhreamanna eile. Nuair a chuireann tú Liosta Cosaint Ó Lorgaireacht leis, bacfaidh Internet Explorer ábhar ó dhreamanna eile, fianáin san áireamh, ó aon suíomh atá sonraithe mar shuíomh a bhfuil bac le cur air. Trí theorainn a chur ar ghlaonna chuig na suíomhanna seo, teorannóidh Internet Explorer an fhaisnéis arbh fhéidir leis na suíomhanna ó dhreamanna eile a bhailiú fút. Agus nuair atá Liosta Cosaint Ó Lorgaireacht cumasaithe agat, seolfaidh Internet Explorer comhartha nó sainrogha Ná Lorg chuig na suíomhanna idirlín a thugann tú cuairt orthu. De bhreis air sin, in Internet Explorer 10 féadann tú DNT a chasadh "as" nó "air" go neamhspleách, más mian leat. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Liostaí Chósaint Ó Lorgaireacht agus Ná Lorg, féach ar ráiteas príobháideachais Internet Explorer or Cabhair d'Internet Explorer.
D'fhéadfadh cuideachtaí fógraíochta aonair a bhealaí féin chun diúltú do fhógraí a thairiscint móide breis ardroghanna fógraíochta. Mar shampla, tá rialtáin Microsoft i dtaca sainroghanna agus diúltaithe do fhógraí ar fáil ag http://choice.live.com/advertisementchoice/. Tabhair faoi deara ní chiallaíonn má dhiúltaíonn do fhógraí nach gheobhaidh tú fógraí nó go bhfeicfear níos lú fógraí; ach má dhiúltaíonn do fhógraí, ní bheidh na fógraí a gheofar dírithe ort dá bharr d'iompar. De bhreis, ní choscann diúltú go rachadh faisnéis go dtí ár bhfreastalaithe, coscann sé áfach go gcruthóimis nó go nuashonróimis próifíleanna a d’fhéadfaí a úsáid d’fhógraíocht iompraíoch.
An Fheidhm A Bhainimid as Rabhcháin Ghréasáin
D'fhéadfadh íomhánna leictreonacha ar a nglaoitear rabhcháin ghréasáin - ar uairibh, glaoitear gifeanna le picteilín amháin orthu - a bheith ar leathanaigh ghréasáin de chuid Microsoft a d'fhéadfadh feidhm a bhaint astu chun fianáin a sheachadadh ar ár suíomhanna, ligean dúinn líon na ndaoine a thug cuairt ar na leathanaigh sin a áireamh agus chun seirbhísí comhbhrandáilte a chur ar fáil. D'fhéadaimis rabhcháin ghréasáin a iniamh i dteachtaireachtaí ríomhphoist le tairiscintí nó inár nuachtlitreacha chun a fhionnadh ar osclaíodh teachtaireachtaí agus an déanadh aon rud dá bharr.
D'fhéadaimis obair i gcomhar le cuideachtaí eile a bhfuil fógraí acu ar shuíomhanna Microsoft chun rabhcháin ghréasáin a chur ar a suíomhanna chun ligean dúinn staidreamh a thiomsú, nuair a bhrúitear fógra ar shuíomh de chuid Microsoft, cé chomh minic a cheannaítear earra nó a dhéantar gníomh eile ar shuíomh an fhógróra.
Ar dheireadh, b'fhéidir go mbeidh rabhcháin ghréasáin ó dhreamanna eile i suíomhanna Microsoft chun cabhrú linn staidrimh a dhíolaim maidir le héifeachtúlacht ár bhfeachtais tionscnaimh nó oibríochtaí eile ar na suíomhanna. D'fhéadfadh na rabhcháin ghréasáin seo cead a thabhairt do dhreamanna eile fianán a shuiteáil nó a léamh ar do ríomhaire. Crosaimid dreamanna eile feidhm a bhaint as rabhcháin ghréasáin ar ár suíomhanna chun d'fhaisnéis phearsanta a bhailiú ná a rochtain. Mar sin féin, b'fhéidir go mbeidh tú in ann diúltú do bhailiú sonraí nó feidhm a bhaint as sonraí ag na cuideachtaí anailísíochta tríú páirtí seo trí na naisc a bhrúigh do gach ceann de na soláthraithe anailísíochta a leanas:
Nithe Comhchosúla Eile
Maille le gnáthfhianáin agus rabhcháin ghréasáin, tig le suíomhann idirlín feidhm a bhaint as nithe eile chun comhaid sonraí ar do ríomhaire a chur i dtaisce agus a léamh. B'fhéidir go ndéanfar seo chun do shainroghanna a choinneáil nó chun luas agus feidhmíocht a fheabhsú trí chomhaid áirithe a stóráil go logánta. Ach, ar nós gnáthfhianáin, féadfar feidhm a bhaint as chun aitheantóir uathúil do do ríomhaire a chur i dtaisce, ar féidir feidhm a bhaint as ina dhiaidh sin chun iompair a lorg. Áiríonn na nithe seo Réada Comhroinnte Logánta (nó "fianáin Flash") agus Stóráil Fheidhmchláir Silverlight.
Réada Comhroinnte Logánta nó "fianáin Flash." B'fhéidir go mbainfidh suíomhanna idirlín a bhaineann feidhm as Adobe Flash feidhm as Réada Comhroinnte Logánta nó “fianáin Flash” chun sonraí a chur i dtaisce ar do ríomhaire. Tabhair faoi deara b'fhéidir go bhfuil nó b'fhéidir nach bhfuil an cumas chun fianáin Flash a scriosadh do ghnáthfhianáin ag socrú do líonléitheoir mar d'fhéadfadh sé athrú de réir líonléitheora. Chun fianáin Flash a bhainistiú nó chun bac a chur orthu, téigh chuig http://www.macromedia.com/support/documentation/en/flashplayer/help/settings_manager.html.
Stóráil Feidhmchláir Silverlight Tá an cumas ag suíomhanna idirlín nó feidhmchláir a bhaineann feidhm as Microsoft Silverlight freisin sonraí a chur i dtaisce trí fheidhm a bhaint as Silverlight Application Storage. Chun foghlaim conas an cineál stórála seo a bhainistiú nó conas bac a chur uirthi, tabhair cuairt ar Silverlight.
Bailíonn Microsoft iliomad cineál faisnéis ionas gur féidir leis oibriú níos éifeachtaí agus chun na táirgí, na seirbhísí agus na habhargnaí is fearr a chuir ar fáil duit.
Bailímid faisnéis nuair a chláraíonn tú, nuair a shíníonn tú isteach agus nuair a bhaineann tú feidhm as ár suíomhanna agus ár seirbhísí. D'fhéadfaimis eolas a fháil ó chuideachtaí eile.
Bailímid an fhaisnéis seo trí bhealaí éagsúla, ina n-áirítear foirmeacha gréasáin, teicneolaíochtaí amhail fianáin, logáil ghréasáin agus oideasra ar do ríomhaire nó gléas eile.
Bailíonn Microsoft iliomad cineál faisnéis ionas gur féidir leis oibriú níos éifeachtaí agus chun na táirgí, na seirbhísí agus na habhargnaí is fearr a chuir ar fáil duit. Cuid den fhaisnéis a sholáthraíonn tú go díreach dúinn. Cuid de, faightear í trí bhreathnú ar cén chaoi a imoibríonn tú lenár dtáirgí agus ár seirbhísí. Tá roinnt de ar fáil ó fhoinsí eile a d'fhéadfaimis é a chumasc le sonraí a bhailímid go díreach muid féin. Beag beann ar an bhfoinse, creidimid go bhfuil sé tábhachtach caitheamh go cúramach leis an fhaisnéis sin agus cuidiú leat do phríobháideachas a choinneáil.
Cad a bhailímid:
Conas mar a bhailímid:
Bainimid feidhm as dóigheanna éagsúla chun faisnéis a bhailiú faoi conas mar a bhaineann tú feidhm as ár suíomhanna agus seirbhísí, ar nós:
Baineann Microsoft feidhm as an bhfaisnéis a bhailímid chun na táirgí agus na seirbhísí a tháirgimid a oibriú, a fheabhsú agus a chur in oiriúint duitse.
B'fhéidir go mbainimid feidhm freisin as an bhfaisnéis chun dul i dteagmháil leat, mar shampla, chun tú a chur ar an eolas maidir le do chuntas agus nuashonruithe slándála.
Agus b'fhéidir go mbainimid feidhm as an bhfaisnéis chun cabhrú na fógraí a fheiceann tú ar ár seirbhísí fógraí-tacaithe a dhéanamh níos ábhartha.
Baineann Microsoft feidhm as an bhfaisnéis a bhailímid chun na táirgí agus na seirbhísí a tháirgimid a oibriú, a fheabhsú agus a chur in oiriúint duitse. B'fhéidir go cumascfar faisnéis a bhailítear trí sheirbhís Microsoft amháin le faisnéis bailithe trí sheirbhísí Microsoft eile chun abhargna níos comhsheasmhaí agus ar dóigh atá in oiriúint duit a chur ar fáil duit. D'fhéadfaimis cuir le seo le heolas faighte ó chuideachtaí eile. Mar shampla, d'fhéadfaimis feidhm a bhaint as seirbhísí ó chuideachtaí a chuireann ar ár gcumas limistéar tíreolaíochta coiteann a fhionnadh bunaithe ar do sheoladh IP chun seirbhísí áirithe a chur in oiriúint do do limistéar féin.
D'fheadfaimis feidhm a bhaint as an bhfaisnéis chun dul i dteagmháil leat, mar shampla, chun tú a chur ar an eolas nuair atá síntiúis ag críochnú, ag cur in iúl duit nuair a bhfuil nuashonruithe slándála ar fáil nó ag cur in iúl duit nuair is gá duit beart a dhéanamh chun do chuntas a choimeád gníomhach.
Cuireann Microsoft a lán dár suíomhanna agus seirbhísí ar fáil saor in aisce mar chothabháiltear iad le fógraí. Chun go mbeidh na seirbhísí seo ar fáil go forleathan, b'fhéidir go mbainfear feidhm as an bhfaisnéis a bhailímid chun cabhrú linn na fógraí a fheiceann tú a fheabhsú le go mbeidh siad níos oiriúnaí duitse.
Ach amháin mar a mhínítear sa ráiteas príobháideachais seo, ní nochtfaimid d'fhaisnéis phearsanta le dream eile gan cead uaitse.
Féach Eolas Príobháideachais Tábhachtach Eile do shonraí maidir le cathain ar féidir linn faisnéis a nochtadh, ina n-áirítear le cuideachtaí cleamhnaithe agus díoltóirí Microsoft; nuair is gá de réir an dlí nó chun próiseas dlíthiúil a fhreagairt; chun dul i ngleic le calaois nó ár leas a chosaint; nó chun beatha a chosaint.
Brúigh anseo gcomhair tuilleadh eolais maidir le faisnéis phearsanta a roinnt nó a nochtadh:
Cuireann roinnt sheirbhísí de chuid Microsoft ar do chumas duit d'fhaisnéis phearsanta a fheiceáil nó a chur in eagar. Chun bac ar dhaoine eile d'fhaisnéis phearsanta a fheiceáil, beidh ort síniú isteach ar dtús. Braitheann an modh/na modhanna chun rochtain a fháil ar d'fhaisnéis phearsanta ar cén suíomhanna nó seirbhísí a bhain tú feidhm as.
Microsoft.com – Tig leat do phróifíl ar microsoft.com a rochtain agus a nuashonrú trí chuairt a thabhairt ar an Lárionad Próifíle Mhicrosoft.com.
Seibhísí Billeála agus Cuntais Mhicrosoft – Má tá cuntas Billeála de chuid Microsoft agat, tig leat d'fhaisnéis a chuir leis nó a nuashonrú ag an suíomh Idirlín Bhilleála Mhicrosoft trí na naisc “Faisnéis Phearsanta” nó “Eolas Billeála” a bhrú.
Microsoft Connect – Más úsáideoir cláraithe de Mhicrosoft Connect thú, tig leat d'fhaisnéis phearsanta a rochtain agus a chur in eagar trí Bainistigh Do Phróifíl Connect a bhrú ar shuíomh Idirlín Mhicrosoft Connect.
Windows Live – Má bhain tú feidhm as seirbhísí Windows Live, tig leat eolas do phróifíl a nuashonrú, do phasfhocal a athrú, féach ar an aitheantas uathúil comhthiomsaithe le d'fhaisnéis aitheantais, nó cuntais áirithe a dhúnadh trí chuairt a thabhairt ar Sheirbhísí Cuntais Windows Live.
Próifíl Phoiblí Windows Live – Má tá próifíl phoiblí cruthaithe agat ar Windows Live, tig leat freisin eolas i do phróifíl phoiblí a chur in eagar nó a scriosadh trí dul go dtí do phróifíl Windows Live.
Fógraí Cuardaigh – Má cheannaíonn tú fógraí cuardaigh trí Fhógraíocht Mhicrosoft, tig leat d'fhaisnéis phearsanta a athbhreithniú agus a chur in eagar ag suíomh Idirlín Microsoft adCenter.
Cláir Chomhpháirtithe Mhicrosoft – Má tá tú cláraithe le Cláir Chomhpháirtithe Mhicrosoft, tig leat do phróifíl a athbhreithniú agus í a chur in eagar trí Bainistigh Do Chuntas a bhrú ar shuíomh Idirlín an Chláir do Chomhpháirtithe.
Xbox – Más duine thú a bhaineann feidhm as Xbox LIVE nó Xbox.com, tig leat d'fhaisnéis phearsanta a athbhreithniú nó í a chur in eagar, ina n-áirítear eolas billeála agus cuntais, socruithe príobháideachais, sainroghanna sábháilteachta ar líne agus comhroinnte sonraí trí My Xbox a rochtain ar an gconsól Xbox 360 nó ar an suíomh Xbox.com. I gcomhair eolas cuntais roghnaigh My Xbox, Accounts. I gcomhair socruithe faisnéis phearsanta eile, roghnaigh My Xbox, ina dhiaidh Profile agus ina dhiaidh sin Online Safety Settings.
Zune – Má tá cuntas Zune nó síntiús Zune pass agat, tig leat breathnú ar d'fhaisnéis phearsanta agus í a chur in eagar ag Zune.net (sínigh isteach, faigh rochtain ar do chlib Zune ansin My Account nó trí oideasra Zune, (sínigh isteach, faigh rochtain ar do chlib Zune, ansin roghnaigh próifíl Zune.net)”
Mura thig leat sonraí pearsanta a bhailigh suíomhanna nó seirbhísí Mhicrosoft a rochtain trí na naisc thuas, d'fhéadfadh na suíomhanna agus seirbhísí seo bealaí eile a chur ar fáil duit chun rochtain a fháil ar do shonraí. Cibé ar bith, tig leat dul i dteagmháil le Microsoft tríd an fhoirm ghréasáin. Tabharfaimid freagra laistigh de 30 lá d'iarratas chun d'fhainéis phearsanta a rochtain nó a scriosadh.
Nuair a bhailíonn suíomh nó seirbhís de chuid Microsoft faisnéis maidir le haois, cuirfidh sé bac ar dhaoine faoi aois a 13 nó gheobhaidh sé cead ó thuismitheoir nó caomhnóir sular féidir le a pháiste feidhm a bhaint as.
Nuair a thugtar cead, caitear le cuntas páiste ar nós gur cuntas ar bith eile é, ina n-áirítear an cumas teagmháil a dhéanamh le daoine eile.
Tig le tuismitheoirí an cead mar a mhínítear sa ráiteas príobháideachais seo a athrú nó a chúlghairm.
Nuair a bhailíonn suíomh nó seirbhís de chuid Microsoft faisnéis maidir le haoi, cuirfidh sé bac ar dhaoine faoi aois a 13 nó iarrfar orthu cead a fháil ó thuismitheoirí nó caomhnóir sular féidir leo feidhm a bhaint as. Ní iarrfaimid go feasach ar pháistí faoi aois a 13 chun níos mó faisnéis a roinnt linn ná bhfuil riachtanach chun an tseirbhís a sholáthair.
Nuair a thugtar cead, caitear le cuntas an pháiste mar a chaitear le haon cuntas eile. D'fhéadfadh an páiste rochtain a bheith acu ar sheirbhísí cumarsáide amhail ríomhphost, teachtaireachtaí meandracha agus cláir theachtaireachtaí ar líne agus d'fhéadfadh sé/sí bheith in ann dul i dteagmháil gan srian le daoine eile de gach aois.
Tig le tuismitheoirí na roghanna tola a déanadh cheana a athrú nó a chur ar ceal, agus breathnú ar fhaisnéis phearsanta a bpáistí, í a chur in eagar, nó iarraidh go scriosfar an fhaisnéis. Mar shampla, ar MSN agus Windows Live, tig le tuismitheoirí cuairt a thabhairt ar Sheirbhísí Cuntais, agus brúigh ar “Chead do pháistí.”.
Is é Microsoft Advertising a thaispeánann formhór na fógraí ar líne ar shuíomhanna agus seirbhísí Microsoft. Nuair a thaispeánaimid fógraí ar líne duit, cuirimid fianán seasmhach nó níos mó ná sin ar do ríomhaire chun do ríomhaire a aithint gach uair a thaispeánaimid fógra duit. Thar tréimhse ama, b'fhéidir go baileoimid eolas ó na suíomhanna ar a sholáthraímid fógraí agus bainimid feidhm as an eolas chun cabhrú linn fógraí níos ábhartha a sholáthair.
Tig leat diúltú do fhógraí dírithe ortsa a fháil ó Fhógraíocht Mhicrosoft, trí chuairt a thabhairt ar ár leathanach diúltú.
Is trí fhógraí a chothabháiltear a lán dár suíomhanna Idirlín agus seirbhísí atá ar líne.
Is é Microsoft Advertising a thaispeánann formhór na fógraí ar líne ar shuíomhanna agus seirbhísí Microsoft. Nuair a thaispeánaimid fógraí ar líne duit, cuirimid fianán seasmhach nó níos mó ná sin ar do ríomhaire chun do ríomhaire a aithint gach uair a thaispeánaimid fógra duit. Toisc go soláthraímid fógraí ar ár suíomhanna idirlín féin mar aon le fógraí ó ár gcomhpháirtithe fógraíochta agus foilsitheoireachta, táimid in ann eolas faoi na cineálacha leathanaigh, ábhar agus fógraí a thugann tusa, nó daoine eile a bhaineann feidhm as do ríomhaire, cuairt orthu nó a bhraitheann tú air a thiomsú thar tréimhse ama. Baintear feidhm as an eolas seo do a lán cuspóirí, mar shampla, cabhraíonn sé linn cinntiú nach bhfeiceann tú na fógraí céanna arís agus arís. Bainimid feidhm freisin as an eolas seo chun fógraí dírithe a roghnú agus a thaispeáint a chreidimid go mbeadh suim agat iontu.
Tig leat diúltú do fhógraí dírithe ortsa a fháil ó Fhógraíocht Mhicrosoft, trí chuairt a thabhairt ar ár leathanach diúltú. Chun eolas a chur ar conas mar a bhailíonn eolas agus conas mar a bhaineann Fógraíocht Mhicrosoft feidhm as, féach an Forlíonadh Príobháideachais Fógraíochta Mhicrosoft.
Tugaimid cead do chuideachtaí fógraíochta tríú páirtí, ina n-áirítear líonra fógraí eile, a bhfógraí a thaispeáint ar ár suíomhanna. I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh na dreamanna eile seo fianáin a chuir ar do ríomhaire. Seo na cuideachtaí reatha atá san áireamh, ach níl siad srianta go: 24/7 Real Media, adblade, AdConion, AdFusion, Advertising.com, AppNexus, Bane Media, Brand.net, CasaleMedia, Collective Media, InMobi, Interclick, Jumptap, Millennial Media, nugg.adAG, Mobclix, Mojiva, SpecificMedia, Tribal Fusion, ValueClick, Where.com, Yahoo!, YuMe, Zumobi.D'fhéadfadh na cuideachtaí seo bealach a chur ar fáil duit chun diúltú do fhógraí dírithe ortsa bunaithe ar a bhfianáin. Tig leat eolas a chur orthu trí ainmneacha na gcuideachtaí thuas a bhrúigh agus na naisc chuig suíomhanna Idirlín gach cuideachta a leanúint. Is comhaltaí iad a lán acu freisin den Network Advertising Initiative nó an Digital Advertising Alliance, a chuireann an dá cheann acu bealach éasca ar fáil chun diúltú do fhógraí dírithe ortsa ó chuideachtaí rannpháirteacha.
Tig leat stad a chur le seachadadh tuilleadh ríomhphoist le tairiscintí as seo amach ó shuíomhanna agus seirbhísí de chuid Microsoft trí na treoracha sonracha sa ríomhphost a fhaigheann tú a leanúint. Ag braith ar an seirbhís faoi seach, b'fhéidir go mbeidh an rogha agat freisin roghanna a dhéanamh go réamhghníomhach faoi fháltas ríomhphoist le tairiscintí, glaonna gutháin, agus litreacha sa phost i gcomhair shuíomhanna nó seirbhísí áirithe de chuid Microsoft.
Má fhaigheann tú ríomhphoist le tairiscintí uainn agus ba mhaith leat deireadh a chur le hiad a fháil amach anseo, tig leat sin a dhéanamh trí na treoracha sa teachtaireacht sin a leanúint.
Ag braith ar an tseirbhís faoi seach, b'fhéidir go mbeidh an rogha agat freisin roghanna a dhéanamh go réamhghníomhach faoi fháltas ríomhphoist le tairiscintí, glaonna gutháin, agus litreacha sa phost ó shuíomhanna nó seirbhísí áirithe de chuid Mhicrosoft trí chuairt a thabhairt ar na leathanaigh seo a leanas agus síniú isteach iontu:
Þessir valkostir eiga ekki við um birtingu auglýsinga á netinu: vinsamlegast sjá kaflann "Display of Advertising (Útskráning)" til að fá upplýsingar um þetta mál. Ní bhaineann siad ach oiread le fáltas teachtaireachtaí seirbhíse éigeantacha atá mar chuid de sheirbhísí Mhicrosoft, a gheobhaidh tú ó am go chéile ach amháin má chuireann tú an tseirbhís ar ceal.
Nuair a úsáideann tú seirbhís nó gné de réir suímh, d’fhéadfaí go seoltar sonraí thúir do ghutháin phóca, sonraí gan sreang (Wi-Fi) agus sonraí Chóras Suite Domhanda (CSD) atá ar fáil go Microsoft. Úsáideann Microsoft faisnéis suímh chun na seirbhísí a iarrann tú a sholáthar, d’eispéireas a phearsantú agus táirgí agus seirbhísí Microsoft a fheabhsú.
D’fhéadfaí go ligtear duit, le seirbhísí áirithe, a rialú cén uair a sheoltar faisnéis suímh go Microsoft nó a chuirtear ar fáil do dhaoine eile í. I roinnt cásanna, bíonn faisnéis suímh riachtanach don tseirbhís agus d’fhéadfaí go mba ghá an ghné a dhíshuiteáil nó an tseirbhís a scor chun cosc a chur le seoladh faisnéise suímh. Ceadaigh an cháipéisíocht a tháinig le do ghléas i gcomhair eolas faoin gcaoi le gnéithe suímh a scoitheadh.
Is sonraí tacaíochta iad an fhaisnéis a bhailímid nuair a chuireann tú isteach iarratas ar thacaíocht nó nuair a ritheann tú fadhbcheartaitheoir uathoibrithe. Ina measc, tá crua-earraí, bogearraí agus sonraí eile a bhaineann leis an teagmhas tacaíochta, amhail: faisnéis teagmhálaithe nó fíordheimhnithe, pearsanú seisiún, faisnéis maidir le riocht an fheidhmchláir nuair a tharla an fhadhb agus le linn diagnóisithe, sonraí córais agus clárlainne maidir le suiteálacha bogearraí agus cumraíochtaí crua-earraí, agus comhaid rianaithe earráidí. Is de réir mar a chuirtear síos sa ráiteas príobháideachais seo a bhainimid úsáid as sonraí tacaíochta. Ina theannta sin, úsáidimid iad le do theagmhas tacaíochta a réiteach agus chun críocha oiliúna.
Cuirtear tacaíocht ar fáil ar an bhfón, trí ríomhphost, nó trí chomhrá ar líne. Seans go n-úsáidfaimid cianrochtain, le do chead, le nascleanúint a dhéanamh ar do ríomhaire go sealadach. D'fhéadfaí monatóireacht agus/nó taifead a dhéanamh ar chomhráite teileafóin, ar sheisiúin chomhráite ar líne, agus ar sheisiúin chianrochtana. I gcás cianrochtana, is féidir leat an taifeadadh a rochtain tar éis an tseisiúin. Is féidir leat deireadh a chur le seisiúin chomhráite nó chianrochtana aon uair is mian leat.nbsp;nbsp;nbsp;nbsp;nbsp;
I ndiaidh teagmhas tacaíochta, seans go seolfaimid suirbhé chugat maidir le d'eispéireas agus tairiscintí. Chun tarraingt as suirbhéanna tacaíochta, ní mór duit gníomh ar leith a ghlacadh, nach ionann é agus diúltú do chumarsáidí eile ó Microsoft: déan teagmháil leis an tseirbhís tacaíochta nó úsáid an buntásc ríomhphoist.nbsp;
Le hathbhreithniú agus eagarthóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis phearsanta a bhailíonn ár seirbhísí tacaíochta, déan teagmháil linn tríd an Foirm Ghréasáin.
Ceannaíonn custaiméirí áirithe gnó tairiscintí tacaíochta breisithe (m.sh, Premier srl.). Tá na tairiscintí sin faoi réir téarmaí agus fógraí conartha ar leith.
Is ionann Sonraí Íocaíochta agus na sonraí a sholáthraíonn tú nuair atá tú ag ceannach ar líne. D’fhéadfaí go n-áirítear leis seo d’uimhir iontraim íocaíochta (e.g., cárta creidmheasa, PayPal), d’ainm agus seoladh billeála, agus an cód slándála atá bainteach leis an ionstraim íocaíochta atá agat (e.g., an CSV nó CVV). Tugtar eolas breise sa rannán seo maidir le bailiú agus úsáid d’fhaisnéis íocaíochta.
Úsáidtear Sonraí Íocaíochta le d’idirbheart a chomhlánú chomh maith le calaois a bhrath agus a chosc. Chun tacú leis na húsáidí seo, d’fhéadfadh Microsoft do chuid Sonraí Íocaíochta a roinnt le bainc agus aonáin eile a phróiseálann idirbhearta íocaíochta nó le seirbhísí airgeadais eile, agus d’fhonn calaois a chosc agus riosca creidmheasa a laghdú.
Nuair a sholáthraíonn tú Sonraí Íocaíochta agus tú logáilte isteach le do chuntas Microsoft nó do chuntas eagraíochta, stórálfaimid na sonraí sin d’fhonn cabhrú leat idirbhearta sa todhchaí a chomhlánú.
Féadann tú an fhaisnéis ionstraim íocaíochta atá bainteach le do chuntas Microsoft a nuashonrú nó a bhaint trí logáil isteach ag https://commerce.microsoft.com. Féadann tú an fhaisnéis ionstraim íocaíochta atá bainteach le do chuntas eagraíochta a bhaint trí dhul i dteagmháil le Tacaíocht do Chustaiméirí. I ndiaidh duit do chuntas a dhúnadh nó ionstraim íocaíochta a bhaint, áfach, d’fhéadfadh Microsoft do chuid sonraí ionstraim íocaíochta a choinneáil chomh fada is atá riachtanach le réasún chun an t-idirbheart s’agat atá ann cheana a chomhlánú, chun cloí le riachtanais dhlíthiúla agus thuairiscithe Microsoft, agus chun calaois a bhrath agus a chosc.
Is seirbhís í cuntas Microsoft (ar a dtugadh Windows Live ID agus Microsoft Passport tráth) a chuireann ar do chumas síniú isteach i dtáirgí, suíomhanna idirlín agus seirbhísí Microsoft, mar aon le cinn de chuideachtaí áirithe a bhfuil i gcomhar le Microsoft. Nuair a chruthaíonn tú cuntas Microsoft, iarraimid ort faisnéis áirithe a sholáthair. Nuair a shíníonn tú isteach i suíomh nó seirbhís ag baint feidhm as do chuntas Microsoft, bailímid faisnéis áirithe chun d'aitheantas a dheimhniú ar son an tsuímh nó na seirbhíse, chun tú a chosaint ó mhí-úsáid calaoiseach, agus chun feidhmiúlacht agus slándáil na seirbhíse cuntais Microsoft a chosaint. Seolaimid freisin faisnéis áirithe chuig suíomh nó seirbhís a shínigh tú isteach ann le do chuntas Microsoft.
Chun sonraí breise maidir le cuntas Microsoft a fheiceáil, ina n-áirítear conas cuntas Microsoft a chruthú agus conas feidhm a bhaint as, conas faisnéis chuntais a leasú, agus conas mar a bhailímid agus conas mar a bhainimid feidhm as faisnéis bainteach le cuntas Microsoft, brúigh ar Cuir Tuilleadh Eolais Air.
Is seirbhís í cuntas Microsoft (ar a dtugadh Windows Live ID agus Microsoft Passport tráth) a chuireann ar do chumas síniú isteach i dtáirgí, suíomhanna idirlín agus seirbhísí Microsoft, mar aon le cinn de chuideachtaí áirithe a bhfuil i gcomhar le Microsoft. Folaíonn seo táirgí, suíomhanna idirlín agus seirbhísí ar nós na cinn seo a leanas:
Ag cruthú cuntas Microsoft.
Tig leat cuntas Microsoft a chruthú here trí sheoladh ríomhphoist, pasfhocal agus “cruthú cuntais” eile, amhail seoladh ríomhphoist mhalartach, uimhir ghutháin, agus ceist agus freagra rúnda a sholáthair. Bainimid feidhm as do “chruthú cuntais” i gcomhair críche slándála amháin – mar shampla, chun d'aitheantas a dheimhniú i gcás nár féidir leat do chuntas Microsoft a rochtain agus tá cabhair de dhíth uait, nó chun do phasfhocal a athshocrú mura thig leat an seoladh ríomhphoist atá comhthiomsaithe le do chuntas Microsoft a rochtain. D'fhéadfadh slándáil sa bhreis bheith de dhíth ó roinnt sheirbhísí, agus sna cásanna seo, b'fhéidir go n-iarrfar ort eochair shlándála bhreise a chruthú. Is iad an seoladh ríomhphoist agus an pasfhocal a bhain tú feidhm as chun cuntas Microsoft a chlárú “d'fhaisnéis aitheantais” a bhainfidh tú feidhm astu chun tú féin a fhíordheimhniú lenár líonra. Thairis sin, sannfar uimhir aitheantais 64-beart uathúil do d'fhaisnéis aitheantais agus bainfear feidhm as chun d'fhaisnéis aitheantais agus faisnéis chomhthiomsaithe a aithint.
Nuair a chruthaíonn tú cuntas Microsoft, iarrfaimid ort na sonraí seo a leanas a sholáthair: inscne; tír; dáta breithe; agus cód poist. Bainimid feidhm as dáta breithe chun a fhíorú go bhfuil cead cuí ag faighte ag páistí ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir chun feidhm a bhaint as cuntas Microsoft, mar a éilíonn an dlí áitiúil. Mar aon le sin, baineann ár gcórais fhógraíochta ar líne feidhm as an bhfaisnéis seo chun fógraí curtha in oiriúint duitse a sholáthair faoi tháirgí agus seirbhísí a d'fhéadfadh a bheith fóinteach duitse, ach ní fhaigheann ár gcórais fhógraíochta d'ainm nó d'fhaisnéis teagmhála riamh. I bhfriotail eile, níl aon fhaisnéis in ár gcórais fhógraíochta ná bí bhaineann siad feidhm as faisnéis ar féidir léi thú a aithint go pearsanta agus go díreach (ar nós d'ainm, do sheoladh ríomhphoist agus uimhir ghutháin). Más é do mhian gan fógraí curtha in oiriúint duitse a fháil, tig leat do shainrogha a chlárú le do chuntas Microsoft trí chuairt a thabhairt ar an leathanach seo ionas nach soláthróidh ár gcórais fhógraíochta fógraí curtha in oiriúint duitse pé uair a shíníonn tú isteach i suíomhanna idirlín nó seirbhísí le do chuntas Microsoft. Chun eolas a chur ar conas mar a bhailíonn eolas agus conas mar a bhaineann Fógraíocht Mhicrosoft feidhm as, féach an Forlíonadh Príobháideachais Fógraíochta Mhicrosoft.
Tig leat feidhm a bhaint as seoladh ríomhphoist a sholáthraíonn Microsoft (amhail iad siúd a chríochnaíonn le live.com, hotmail.com, nó msn.com) nó seoladh ríomhphoist curtha ar fáil ag dream eile (amhail iad siúd a chríochnaíonn le gmail.com nó yahoo.com) nuair atá do chuntas Microsoft á chlárú agat.
Nuair a chruthaítear cuntas Microsoft, seolfaimid ríomhphost chugat ag iarraidh ort gur tusa an té ar leis an seoladh ríomhphoist atá comhthiomsaithe le do chuntas Microsoft. Tá sé de chuspóir ag an gcóras seo bailíocht an tseolta ríomhphoist a fhíorú agus ionas nach mbainfear feidhm as seoltaí ríomhphoist gan cead ó na daoine ar leo iad. Ina dhiaidh sin, bainfimid feidhm as an seoladh ríomhphoist sin chun teachtaireachtaí a sheoladh chugat maidir le an fheidhm a bhaineann tú as táirgí agus seirbhísí Microsoft; d'fhéadfaimis ríomhphoist le tairiscintí faoi tháirgí Microsoft a sheoladh chugat mar a cheadaítear de réir an dlí áitiúil. Chun eolas maidir le conas admhálacha do theachtaireachtaí le tairiscintí a bhainistiú a léamh, tabhair cuairt ar Chumarsáid.
Má dhéanann tú iarracht cuntas Microsoft a chlárú agus fionnann tú gur chruthaigh duine éigin eile faisnéis aitheantais le do sheoladh ríomhphoist mar an ainm úsáideora, tig leat dul i dteagmháil linn agus iarraidh go roghnóidh an duine eile ainm úsáideora eile ionas gur tig leat feidhm a bhaint as do sheoladh ríomhphoist nuair atá d'fhaisnéis aitheantais á chruthú agat.
Sínigh isteach i mbogearraí, suíomhanna nó seirbhísí le do chuntas Microsoft.
Nuair a shíníonn tú isteach i suíomh nó seirbhís ag baint feidhm as do chuntas Microsoft, bailímid faisnéis áirithe chun d'aitheantas a dheimhniú ar son an tsuímh nó na seirbhíse, chun tú a chosaint ó mhí-úsáid calaoiseach, agus chun feidhmiúlacht agus slándáil na seirbhíse cuntais Microsoft a chosaint. Mar shampla, nuair a shíníonn tú isteach, faigheann seirbhís chuntais Microsoft agus taifeadann sí d'fhaisnéis aitheantais agus faisnéis eile, amhail an uimhir aitheantais 64-beart sannta chuig d'fhaisnéis aitheantais, do sheoladh IP , leagan do líonléitheoir agus am agus dáta. Mar aon le sin, má bhaineann tú feidhm as cuntas Microsoft chun síniú isteach i ngléas nó in oideasra atá suiteáilte ar an ngléas, sanntar aitheantas uathúil chuig an gléas; seolfar an t-aitheantas uathúil seo mar chuid de d'fhaisnéis aitheantais chuig seirbhís chuntais Microsoft nuair a shíníonn tú isteach ina dhiaidh sin le do chuntas Microsoft i suíomh nó seirbhís. Seolann an tseirbhís chuntais Microsoft an fhaisnéis a leanas chuig an suíomh nó an tseirbhís a shínigh tú isteach ann: uimhir aitheantais uathúil a ligeann don suíomh nó an don tseirbhís cinneadh an tusa an duine céanna ó shíniú isteach amháin go dtí an chéad cheann eile; uimhir an leagain sannta chuig do chuntas (sanntar uimhir nua gach uair a athraíonn tú d'fhaisnéis shínithe isteach); an deimhníodh do sheoladh ríomhphoist; agus an cuireadh do chuntas ar ceal.
Beidh do sheoladh ríomhphoist de dhíth ó roinnt de na suíomhanna agus seirbhísí a ligeann duit síníú isteach le do chuntas Microsoft chun a seirbhísí a sholáthair duit. Sna dálaí sin, nuair a shíníonn tú isteach, soláthróidh Microsoft do sheoladh ríomhphoist ach ní do phasfhocal chuig an suíomh nó an tseirbhís. Má chruthaigh tú, áfach, d'fhaisnéis aitheantais leis an suíomh nó seirbhís, b'fhéidir go mbeidh rochtain srianta aige go faisnéis comhthiomsaithe le d'fhaisnéis aitheantais chun cabhrú leat do phasfhocal a athshocrú nó chun seirbhísí tacaíochta eile a sholáthair.
Má bhfuair tú do chuntas ó dhream eile, ar nós scoil, gnólacht, soláthraí seirbhísí idirlín, nó riarthóir fhearainn bainistithe, d'fhéadfadh an dream eile sin cearta a bheith acu ar do chuntas, ina n-áirítear an cumas do phasfhocal a athshocrú, úsáid do chuntas nó sonraí próifíle a fheiceáil, ábhar i do chuntas a léamh nó a chur i dtaisce, agus do chuntas a chur ar fionraí nó é a chur ar ceal. Sna dálaí seo, tá tú faoi réir Comhaontú Seirbhíse Microsoft agus faoi réir pé coinníoll úsáide breise ón dream eile sin. Más riarthóir d'fhearann bainistithe thú agus chuir tú cuntais Microsoft ar fáil do d'úsáideoirí, beidh tú freagrach as ucht gach gníomhaíocht a tharlaíonn laistigh de na cuntais seo.
Tabhair faoi deara suíomhanna agus seirbhísí a cheadaíonn duit síniú isteach le do chuntas Microsoft, tig leo feidhm a bhaint as do sheoladh ríomhphoist nó faisnéis phearsanta eile a sholáthraíonn tú dóibh nó iad a roinnt mar a mhínítear ina ráitis phríobháideachais. Tig leo, áfach, an uimhir aitheantais uathúil a sholáthraíodh dóibh ón tseirbhís chuntais Microsoft a roinnt le dreamanna eile chun seirbhís nó idirbheart b'fhéidir ar iarr tú air a chomhlíonadh. Is gá do gach suíomh nó seirbhís a bhaineann feidhm as cuntas Microsoft ráiteas príobháideachais a bheith foilsithe acu ar a suíomhanna, ach ní rialaímid ná déanaimid faireacháin ar ráitis phríobháideachais na suíomhanna sin, agus beidh a ráitis phríobháideachais éagsúil. Ba chóir an ráiteas príobháideachais do gach suíomh a shíníonn tú isteach ann a léamh go cúramach chun a chinntiú conas mar a bhainfidh gach suíomh nó seirbhís feidhm as an bhfaisnéis a bhailíonn sé.
Is féidir do fhaisnéis phearsanta a rochtain trí dul go Account Services. Tig leat d'ainm úsáideora a athrú mura bhaineann do chuntas Microsoft le fearann bainistithe. Tig leat do phasfocal, do sheoladh ríomhphoist mhalartach, d'uimhir ghutháin, agus ceist agus freagra rúnda a athrú am ar bith. Tá sé de rogha agat freisin do chuntas Microsoft a dhúnadh trí dul go cuntas, agus ina dhiaidh sin "Dún do chuntas." Má tá do chuntas i bhfearann bainistithe, mar a mhíníodh thuas, b'fhéidir go bhfuil bealach faoi leith ann chun do chuntas a chur ar ceal. Tabhair faoi deara más duine thú a bhaineann feidhm as MSN nó Windows Live, má théann tú chuig do chuntas, b'fhéidir go atreofar thú chuig cuntas do na suíomhanna sin.
Tá tuilleadh eolais maidir le cuntas Microsoft ar fáil ag suíomh idirlín chuntais Microsoft.
Cuir tuilleadh eolais ar
Thíos, feicfear faisnéis phríobháideachais bhreise a d'fhéadfadh, dar leat, bheith (nó gan a bheith) tábhachtach. Míníonn sé seo cleachtais choitianta ar mian linn go mbeadh tú ar an eolas fúthu ach nach dóigh linn go bhfuil sé riachtanach iad a thabhairt chun suntais i ngach ceann dár ráitis phríobháideachais. Agus tá cuid de seo ag léiriú céard atá follasach (mar shampla, nochtfaimid faisnéis nuair is gá dúinn de réir dlí), ach éilíonn ár ndlíodóirí é a rá pé scéal é. Cuimhnigh le do thoil nach cur síos iomlán ar ár gcleachtais é an t-eolas seo - tá seo go léir sa bhreis ar an eolas níos sonraí eile atá le fáil sna ráitis phríobhaideachais do gach táirge agus seirbhís de chuid Microsoft a bhaineann tú feidhm as.
Ar an leathanach seo:
Comhroinnt nó Nochtadh Faisnéise Pearsanta
De bhreis ar aon chomhroinnt a gcuirtear síos uirthi sa ráiteas príobháideachais don táirge nó seirbhís atá á úsáid agat, d’fhéadfadh Microsoft faisnéis phearsanta a chomhroinnt nó a nochtadh:
D'fheadfaimis faisnéis phearsanta a chomhroinnt nó a nochtadh, ina n-áirítear inneachar do chumarsáide:
Tabhair faoi deara go bhféadfadh naisc chuig suíomhanna ó dhreamanna eile a bhfuil cleachtais phríobháideachais acu a d'fhéadfadh a bheith éagsúil ó na cinn atá ag Microsoft a bheith ar ár suíomhanna. Má sheolann tú faisnéis phearsanta chuig ceann ar bith de na suíomhanna sin, tá d'fhaisnéis rialaithe ag na ráitis phríobháideachais ar na suíomhanna sin. Molaimid duit breathnú ar ráiteas príobháideachais de shuíomh ar bith a thugann tú cuairt air.
Slándáil Faisnéise Pearsanta á Cosaint
Tá Microsoft tiomanta slándáil d'fhaisnéise pearsanta a chosaint. Bainimid feidhm as réimse de bhealaí slándála agus nósanna imeachta chun cabhrú linn d'fhaisnéis phearsanta a chosaint ó rochtain, fheidhm, nó nochtadh neamhcheadaithe. Mar shampla, cuirimid an fhaisnéis phearsanta a bhailímid i dtaisce ar chórais ríomhairí le rochtain shrianta, atá lonnaithe in ionaid rialaithe. Nuair a tharchuirimid faisnéis fhíor-rúnda (ar nós uimhir chárta chreidmheasa nó pasfhocail) thar an Idirlíon, cosnaímid í trí í a chriptiú, amhail an gnás Secure Socket Layer (SSL).
Má bhaintear feidhm as pasfhocal chun do chuntais agus d'fhaisnéis phearsanta a chosaint, tá dualgas ort do phasfhocal a choimeád faoi rún. Ná comhroinn é. Má tá ríomhaire á roinnt agat le daoine eile, ní mór duit scor sula bhfágann tú suíomh nó seirbhís chun rochtain ar d'fhaisnéis a chosaint ó dhaoine eile i do dhiaidh.
An Áit Ina Stóráiltear agus Ina bPróiseáiltear Faisnéis
Tig le faisnéis phearsanta bailithe ar shuíomhanna agus seirbhísí de chuid Microsoft bheith curtha i dtaisce agus cóirithe sna Stáit Aontaithe nó in aon tír eile ina gcoimeádann Microsoft nó a chuideachtaí cleamhnaithe, fochuideachtaí nó soláthraithe seirbhíse ionaid. Cloíonn Microsoft leis an gCreat Dídine Sláine SAM-AE agus leis an gCreat Dídine Sláine SAM-na hEilvéise mar a leag Roinn Tráchtála SAM amach maidir le bailiú, an fheidhm a bhaintear as, agus coinneáil sonraí ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus ón Eilvéis. Chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gCreat Dídine Sláine, agus chun ár ndeimhniúchán a amharc, tabhair cuairt ar http://www.export.gov/safeharbor/.
Mar chuid de rannpháirtíocht Microsoft i gClár na gCuanta Sábháilte, úsáidimid TRUSTe, tríú páirtí neamhspleách, chun díospóidí atá agat linn maidir lenár bpolasaithe agus lenár gcleachtais a réiteach. Más mian leat dul i dteagmháil le TRUSTe, tabhair cuairt ar https://feedback-form.truste.com/watchdog/request.
B'fhéidir go gcoimeádfaidh Microsoft d'fhaisnéis phearsanta ar mhaithe le fáthanna éagsúla, ar nós chun ár ndualgais dhlíthiúla a chomhlíonadh, chun aighnis a réitiú, chun ár gcomhaontuithe a fhorfheidhmiú, agus cé chomh fada is ar ghá dúinn chun seirbhísí a chur ar fáil. Chun foghlaim cén chaoi le rochtain a dhéanamh ar d’fhaisnéis phearsanta, tabhair cuairt ar Ag Rochtain D'Fhaisnéise.
Athruithe dár Ráiteas Príobháideachais
Nuashonróimid ár ráitis phríobháideachais ó am go ham chun aiseolas ó chustaiméirí agus athruithe inár seirbhísí a léiriú. Nuair a fhoilseoimid athruithe do ráiteas, leasóimid an dáta "nuashonraithe an uair dheiridh" ag barr an ráitis seo. Má dhéantar athruithe ábhartha don ráiteas nó conas mar a bhainfidh Microsoft feidhm as d'fhaisnéis phearsanta, cuirimid ar an eolas thú trí fhógra suntasach faoi na hathruithe seo a fhoilsiú sula gcuirfear i bhfeidhm iad nó trí scéala a sheoladh go díreach chugat. Molaimid duit breathnú ar ráitis phríobháideachais na dtáirgí agus na seirbhísí a bhaineann tú feidhm as chun bheith ar an eolas faoi conas mar atá Microsoft ag cosaint d'fhaisnéise.
Conas dul i dTeagmháil Linn
Microsoft Privacy, Microsoft Corporation, One Microsoft Way, Redmond, Washington 98052 USA
Chun fochuideachta de Microsoft a aimsiú i do thír nó i do chríoch, féach http://www.microsoft.com/worldwide/.
Tograí Príobháideachais an FTC
Slándáil sa bhaile
Trustworthy Computing